Dainéil (Gr) 6:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. agus ghlac Dáire, an Méideach, seilbh ar an ríocht agus é dhá bhliain agus trí fichid an uair sin.

2. Bheartaigh Dáire céad is fiche satrap a chur os cionn a ríochta, agus iad a bheith i bhfeighil ranna a ríochta uile,

3. faoi cheannas triúr uachtarán - Dainéil ar dhuine acu - a dtabharfadh na satraip seo cuntas dóibh chun nach rachadh aon ní amú ar an rí.

4. Chinn an Dainéil céanna ar na huachtaráin agus ar na satraip tríd an spiorad éachtach a bhí ann i dtreo gur bheartaigh an rí é a chur os cionn a ríochta uile.

5. Ansin chrom na huachtaráin agus na satraip ar chúis stáit a lorg le cur i leith Dhainéil, ach níor éirigh leo cúis ná locht a aimsiú, bhí sé chomh dílis sin, ná ní bhfuarthas faillí ná dearmad le cur ina leith.

6. Ansin dúirt an mhuintir seo: “Ní bhfaighimid cúis ar bith le cur i leith an Dainéil seo, mura bhfaighimid sin i gcúrsaí dlí a Dhé.”

7. Ansin [bhrúcht] na huachtaráin agus na satraip seo isteach i láthair an rí agus labhair siad leis mar a leanas: “A rí Dáire, fad gach aon fhaid ar do shaol!

8. Uachtaráin do ríochta, ceannairí, satraip, airí agus rialtóirí - táimidne uile d'aonaigne gur chóir don rí reacht a rith agus ordú mar a leanas a fhógairt: Cibé a iarrfaidh achainí ar bith ar aon Dia nó ar aon duine ach ortsa amháin ar feadh tríocha lá, é a theilgean isteach in uaimh na leon.

9. Anois, a rí, tabhair feidhm dlí don ordú agus sínigh an chairt i dtreo nach féidir athrú a dhul air de réir dhlí na Méideach agus na bPeirseach, nach féidir a chur ar ceal.”

10. Uime sin shínigh an rí Dáire an chairt agus an reacht.

11. Nuair a thuig Dainéil gur síníodh an chairt, chuaigh sé chun a thí mar a raibh fuinneoga aige ina sheomra uachtarach oscailte i dtreo Iarúsailéim; trí huaire sa lá théadh sé ar a ghlúine ag guí Dé agus á mholadh, mar ba ghnáth leis roimhe sin.

12. Ansin [bhrúcht] an mhuintir seo chuige agus fuair siad Dainéil ag guí is ag achainí i láthair a Dhé.

Dainéil (Gr) 6