1. Rinne Béilseazar rí fleá mhór dá mhaithe, míle díobh, agus d'ól sé fíon os comhair an mhíle seo.
2. Nuair a bhlais sé an fíon, d'ordaigh Béilseazar na soithí óir agus airgid a d'fhuadaigh a athair Nabúcadnazar ó Theampall Iarúsailéim a thabhairt i láthair chun go n‑ólfadh an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin, deoch astu.
3. Ansin tugadh i láthair na soithí óir agus airgid a fuadaíodh ón Teampall, Teach Dé in Iarúsailéim, agus d'ól an rí agus a mhaithe, a mhná agus a leannáin deoch astu.
4. D'ól siad fíon agus mhol siad na déithe óir agus airgid, práis agus iarainn, adhmaid agus cloiche.
5. Dhealraigh go tobann méara láimhe duine agus í ag scríobh ar phlástar bhalla an pháláis ríoga laistiar den choinnleoir; bhí an rí ag faire ar an láimh ag scríobh.
6. Chlaochaigh a lí ar an rí; bhuair a smaointe é; tháinig ballchrith air agus chnag a ghlúine ar a chéile.
7. Ghlaoigh an rí go hard go dtabharfaí draoithe, Caildéigh agus astralaithe isteach. Dúirt an rí le saoithe na Bablóine: “Cibé a léifidh an scríbhinn seo agus a léireoidh a ciall dom, cuirfear éide chorcra uime, slabhra óir ar a mhuineál, agus beidh sé ar an tríú rialtóir sa ríocht.”
8. Bhailigh saoithe uile an rí isteach ach níor fhéad siad an scríbhinn a léamh ná a ciall a léiriú don rí.
9. Bhí an-bhuairt ar an rí Béilseazar, agus d'athraigh a lí; agus bhí a mhaithe i gcruachás.
10. Toisc bhriathar an rí agus a mhaithe tháinig an bhanríon go halla na fleá. Dúirt an bhanríon: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! Ná buaireadh do smaointe thú, agus ná teipeadh do dhealramh.
11. Tá aon duine amháin i do ríocht ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé. Le linn d'athar fuarthas solas, tuiscint agus eagna ann ar aon dul le heagna na ndéithe. Rinne d'athair, an rí Nabúcadnazar, ceann de ar na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh, agus ar na saoithe.