Dainéil (Gr) 4:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.”

16. Ansin bhí Dainéil - ar a dtugtaí Béiltiseazar - trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: “Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.” D'fhreagair Béiltiseazar: “Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde.

17. An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,

18. arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d'ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga -

19. sin é tusa, a rí, a d'fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d'ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne.

20. Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: ‘Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n‑ainmhithe fiáine, go dté seacht n‑aimsir thairis’ -

21. seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:

22. Díbreofar thú ó chomhluadar daoine,agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire,agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh;fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe,agus rachaidh seacht n‑aimsir tharat,chun go mbeidh a fhios agatgur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine,agus go dtugann sé í don té is áil leis.

23. “Agus an t‑ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.

24. Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d'urchóidí le déirc do bhochta d'fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.”

25. Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.

Dainéil (Gr) 4