8. Dúirt an rí á bhfreagairt: “Is eol dom go bhfuil sibh ag feitheamh na faille mar go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil mo bheartas do-athraithe fógartha,
9. mura n‑insíonn sibh an taibhreamh domsa, nach bhfuil ach an t‑aon daorbhreith amháin i ndán daoibh. Tá sé beartaithe agaibh focail éithigh agus ráite oilc a labhairt i mo láthair go sleamhnaí an t‑am thart. Insígí mo thaibhreamh dom dá bhrí sin agus beidh a fhios agam an féidir libh a chiall a léiriú dom.”
10. D'fhreagair na Caildéigh an rí: “Níl aon duine ar talamh a d'fhéadfadh gnó seo an rí a fháil amach: agus, dá chomhartha sin, níl rí ná rialtóir ná taoiseach a d'iarr a leithéid ar dhraoi ná ar asarlaí ná ar Chaildéach.
11. Is crua an ní é seo a lorgann an rí agus ní fhéadfadh aon duine é a léiriú don rí ach na déithe nach bhfuil a gcónaí i measc daoine.”
12. Dá bharr seo tháinig racht feirge ar an rí agus d'ordaigh sé saoithe uile na Bablóine a scriosadh.
13. Fógraíodh aithne seo an rí na saoithe uile a chur chun báis, agus chuathas ar thóir Dhainéil agus a chompánach chun a mbásaithe.
14. Ach le stuaim agus le gaois d'fhreagair Dainéil Airíoc, ceannaire gharda an rí a chuaigh amach chun saoithe na Bablóine a bhású.
15. Dúirt sé le hAiríoc, ceann feadhna an rí: “Cad ina thaobh,” ar seisean, “go bhfuil ordú chomh dian sin ón rí?” D'inis Airíoc an scéal do Dhainéil,
16. agus isteach le Dainéil agus d'iarr ar an rí aga a thabhairt dó chun a chiall a léiriú don rí.
17. D'fhill Dainéil ar a theach agus lig sé an scéal le Hanainiá, Míséil agus Azairiá, a chompánaigh,
18. chun go n‑impídís trócaire Dé neimhe i dtaobh na rúndiamhaire seo, i dtreo nach scriosfaí Dainéil agus a chompánaigh i dteannta shaoithe eile na Bablóine.
19. Ansin foilsíodh an rundiamhair do Dhainéil i bhfís oíche. An sin bheannaigh Dainéil Dia neimhe.
20. Dúirt Dainéil:Go mbeannaítear ainm Dé ó aois go haoismar gur aige atá eagna agus cumhacht.