37. “Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir;
38. cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin.
39. I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile.
40. Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t‑iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t‑iarann a bhriseann gach ní.
41. Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib.
42. Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon.
43. Mar a chonaic tú an t‑iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t‑iarann leis an gcré.
44. I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,
45. díreach mar a chonaic tú cloch mhór á gearradh ón gcnoc gan lámh duine ag baint léi, an chloch a rinne smidiríní den iarann, den phrás, den chré, den airgead, agus den ór. Thug an Dia Mór fios don rí cad a thiocfadh chun cinn ina dhiaidh seo. Tá an taibhreamh cinnte agus an míniú dearbh.”
46. Thit an rí ar a bhéal agus ar a fhiacla agus thug ómós do Dhainéil agus d'ordaigh íobairt agus ofráil túise a dhéanamh dó.
47. Dúirt an rí le Dainéil: “Is deimhin gur Dia na ndéithe bhur nDia, agus gur Tiarna ar ríthe é, foilsitheoir na rún, ó d'fhéad tusa an rún seo a nochtadh domsa.”