25. Ansin bhrostaigh Airíoc Dainéil isteach i láthair an rí agus dúirt sé leis: “Fuair mé i measc bránna Iúdá duine a inseoidh an chiall don rí.”
26. Labhair an rí le Dainéil (ar a dtugtaí Béiltiseazar): “An féidir leat,” ar seisean, “an taibhreamh a chonaic mé agus a chiall sin, a léiriú dom?”
27. D'fhreagair Dainéil an rí: “An rún atá á lorg ag an rí, ní féidir le saoithe ná le draoithe, le hasarlaithe ná le fáistinigh, é a thaispeáint don rí.
28. Ach tá Dia ar neamh a nochtann rúin agus tá sé curtha in iúl aige don rí Nabúcadnazar cad atá le teacht sna laethanta deireanacha. Seo d'aisling agus físeanna do chinn ar do leaba:”
29. “I do luí duit ar do leaba, a rí, tháinig chugat smaointe i dtaobh cad a chaithfeadh teacht chun críche níos déanaí, agus, an té a nochtann rúin, d'fhoilsigh sé duit cad tá le teacht chun críche.
30. Maidir liomsa, ní toisc aon eagna a bheith agam seachas cách a nochtadh an rúndiamhair seo dom, ach chun go bhfoilseofaí a chiall siúd don rí agus chun gurbh eol duit smaointe do chroí.
31. Deineadh fís duit, a rí. Féach íomhá, íomhá ollmhór, í ar bharr gile agus ina seasamh os do chomhair go haduafar le feiceáil.
32. D'ór fíre ceann na híomhá, a hucht agus a géaga d'airgead, a bolg agus a sliasta de phrás,
33. a cosa d'iarann agus a troithe i gcuid d'iarann, i gcuid de chré.
34. D'fhéach tú; gearradh amach cloch, gan láimh duine a bhaint léi, agus bhuail sí an íomhá ina troithe d'iarann agus de chré agus rinne sí smidiríní díobh.
35. Ansin smiotadh le chéile idir iarann agus chré, idir phrás agus airgead agus ór, agus rinneadh díobh mar a bheadh cáith urláir bhuailte sa samhradh, agus rug an ghaoth leis iad i dtreo nár fágadh rian díobh. Ach an chloch a bhuail an íomhá rinneadh cnoc mór di agus líon sí an talamh uile.
36. B'shin an aisling, agus inseoimid a chiall anois i láthair an rí.”
37. “Is ortsa, a rí na rí, a bhronn Dia neimhe tiarnas, cumhacht, neart agus glóir;
38. cibé áit ina gcónaíonn clann na ndaoine, míola na má, agus éanlaith an aeir, i do lámha is ea a chuir sé iad agus is tú a chuir sé mar rialtóir orthu; an ceann óir, tusa é sin.
39. I do dhiaidh éireoidh ríocht eile is lú ná tú; agus an treas ríocht arís de phrás a bhainfidh amach forlámhas ar an domhan uile.
40. Agus beidh an ceathrú ríocht ann, tréan mar iarann, an t‑iarann a bhriseann agus a dhéanann mionrabh de gach ní, agus tuairgneoidh sí agus brisfidh sí iad seo uile mar an t‑iarann a bhriseann gach ní.
41. Na troithe seo a chonaic tú, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin ríocht a bheidh deighilte; beidh cuid de neart an iarainn inti faoi mar a chonaic tú iarann cumaiscthe le cré agus láib.
42. Na troithe seo, mar a bhí, cuid díobh de chré agus cuid díobh d'iarann, sin mar a bheidh an ríocht, i bpáirt go daingean, i bpáirt go faon.
43. Mar a chonaic tú an t‑iarann cumaiscthe le láib chré, is mar sin a bheidh siad i gcumasc le chéile ag síolrú daoine, ach ní chloífidh siad go daingean le chéile díreach mar nach meascann an t‑iarann leis an gcré.
44. I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách,