Dainéil (Gr) 14:5-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Agus dúirt an rí leis: “Cén fáth nach n‑adhrann tú Béil?” D'fhreagair sé: “Mar nach íola a rinne lámha daonna a adhraimse, ach an Dia beo a rinne neamh agus talamh ag a bhfuil cumhacht ar an uile fheoil.”

6. “Nach dóigh leat,” arsa an rí “gur dia beo Béil? Nach bhfeiceann tú a n‑itheann agus n‑ólann sé gach lá?”

7. Agus bhris a gháire ar Dhainéil. “Ná mealltar thú, a rí,” ar seisean, “níl anseo ach cré laistigh, prás lasmuigh, agus níor ith ná níor ól sé aon ní riamh.”

8. Tháinig fearg ar an rí agus chuir sé fios ar na sagairt agus dúirt sé leo: “Mura n‑insíonn sibh dom cé a itheann na soláthairtí bia seo, cuirfear chun báis sibh; ach má chruthaíonn sibh gurb é Béil a itheann iad, is é Dainéil a chuirfear chun báis mar thug sé masla do Bhéil.”

9. Dúirt Dainéil leis an rí: “Go ndéantar de réir do bhriathair!” Ba é a deich agus trí fichid líon na sagart, gan a mná agus a bpáistí a chomhaireamh.

10. Chuaigh an rí isteach i dteampall Bhéil le Dainéil.

11. Agus dúirt sagairt Bhéil leis: “Féach, táimidne ag dul amach as seo, agus, a rí, leag féin an bia amach agus measc an fíon agus ofráil é; ansin iaigh an doras agus séalaigh é le do shéala féin. Nuair a thiocfaidh tú ar ais ar maidin amárach, má fheiceann tú nach bhfuil gach rud ite ag Béil, bíodh an bás mar phionós orainn; nó, sa chás go mbíonn, bíodh sé ar Dhainéil, atá ag tromaíocht orainn.”

12. Ní raibh aon mhairg orthu mar bhí slí rúin déanta isteach faoin mbord acu agus ba ghnáth leo dul isteach tríthi agus an lón a chaitheamh.

13. Nuair a bhí siad imithe amach leag an rí an bia amach roimh Bhéil.

14. Ansin d'ordaigh Dainéil dá sheirbhísigh luaith a thabhairt chuige agus leath siad í ar fud urlár an teampaill uile agus gan aon duine ach an rí amháin i láthair. Ansin amach leo; d'iaigh siad an doras, shéalaigh siad é le séala an rí, agus d'imigh siad leo.

15. Tháinig na sagairt istoíche, mar ba ghnáth, lena mná is a bpáistí, agus d'ith siad agus d'ól siad a raibh ann.

16. D'éirigh an rí go moch agus tháinig sé agus Dainéil fairis.

17. D'fhiafraigh an rí: “An bhfuil na séalaí gan briseadh, a Dhainéil?” “Tá siad slán, a rí,” d'fhreagair Dainéil.

18. A luaithe a d'oscail sé an doras, d'fhéach an rí ar an mbord agus ghlaoigh in ard a chinn: “Is mór tú, a Bhéil, agus níl caimiléireacht ar bith ag baint leat.”

19. Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a d'fhág rian seo na gcos.”

20. “Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí.

21. Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.

Dainéil (Gr) 14