Dainéil (Gr) 14:19-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Gháir Dainéil agus choisc ar an rí dul isteach: “Féach ar an urlár,” ar sé, “agus tabhair faoi deara cé a d'fhág rian seo na gcos.”

20. “Feicim rian cos fear agus ban agus páistí,” arsa an rí.

21. Ansin i gcuthach feirge ghabh an rí na sagairt, a gcuid ban agus páistí. Thaispeáin siad dó an doras rúin trínar ghnáth leo teacht isteach agus a mbíodh ar an mbord a alpadh.

Dainéil (Gr) 14