20. “Féach, tá doirse an ghairdín dúnta; ní fheiceann aon duine sinn, agus táimid i ngrá leat! Géill dúinn agus luigh linn!
21. Mura ndéana tú, tabharfaimid fianaise i d'aghaidh go raibh ógfhear farat agus gur dá bharr sin a sheol tú d'ionailtí uait.”
22. Lig Súsanna osna aisti agus dúirt: “Táim sáinnithe ar gach taobh: má ghéillim, is bás dom é; mura ndéanaim níl dul as agam uaibhse.
23. Ach is fearr liom titim gan choir in bhur lámha, ná peaca a dhéanamh os comhair an Tiarna.”
24. Liúigh sí in ard a cinn is a gutha, agus ghlaoigh na seanóirí ina coinne,
25. agus rith duine díobh agus d'oscail doirse an ghairdín.
26. Nuair a chuala giollaí an tí an liúireach sa ghairdín, rith siad isteach an taobhdhoras chun a fheiceáil cad a tharla di.
27. Nuair a bhí deireadh a scéil ráite ag na seanóirí, bhí na giollaí lán de náire mar nár dúradh a leithéid riamh i dtaobh Shúsanna.
28. Lá arna mhárach, chruinnigh na daoine go teach Ióicím, a céile. Tháinig an bheirt sheanóir ann, an t‑olc ina gcroí acu, agus rún acu Súsanna a chur chun báis.