5. “Beidh rí an deiscirt cumhachtach, ach is cumhachtaí ná é fós a bheidh duine dá phrionsaí agus beidh a ríocht ina ríocht fhairsing.
6. Tar éis roinnt blianta déanfaidh siad conradh agus tiocfaidh iníon rí an deiscirt chun rí an tuaiscirt chun réiteach a dhéanamh; ach ní mhairfidh neart a láimhe, ná ní sheasfaidh sé féin ná a phór; ach tabharfar i lámha í, í féin agus a lucht friothála, a leanbh, agus an té ar leis í.
7. Ina uain féin, éireoidh beangán dá fréamhacha ina áit; tiocfaidh sé in aghaidh na sluaite agus rachaidh sé isteach i ndaingean rí an tuaiscirt, rachaidh i ngleic leo agus béarfaidh bua.
8. Tabharfaidh sé leis mar chreach chun na hÉigipte a ndéithe, a n‑íomhánna, a leastair luachmhara airgid agus óir, agus ar feadh roinnt blianta fanfaidh sé gan ionsaí a dhéanamh ar rí an tuaiscirt.
9. Ach tiocfaidh sé siúd féin isteach i gcríocha rí an deiscirt, ach fillfidh sé ar a thír féin.
10. Fearfaidh a mhic cogadh agus cruinneoidh siad líon mór de shluaite tréana, a bhrúchtfaidh agus a thuileoidh agus a sceithfidh agus a thabharfaidh an cogadh arís chomh fada lena dhaingean.
11. Ansin, le teann feirge, tiocfaidh rí an deiscirt amach agus troidfidh le rí an tuaiscirt; cruinneoidh seisean arm mór agus tabharfar an slua ina lámha dó.
12. Nuair a ghabhfar an slua, tiocfaidh ardú croí air, agus treascróidh sé mílte ar dheich míle, ach ní rithfidh leis.
13. Baileoidh rí an tuaiscirt slua mór, níos líonmhaire fós ná roimhe seo, agus i gceann na n‑aimsirí tiocfaidh sé ar aghaidh le harmáil mhór agus le flúirse lóin chogaidh.
14. Sna haimsirí sin éireoidh a lán i gcoinne rí an deiscirt, agus éireoidh lucht fornirt i measc do mhuintire féin chun an fhís a chomhlíonadh - ach teipfidh orthu.
15. Tiocfaidh rí an tuaiscirt agus tógfaidh sásanna léigir, agus gheobhaidh sé seilbh ar chathair dhaingean. Ní sheasfaidh sluaite an deiscirt, ná fiú togha a shluaite, mar ní bheidh neart acu seasamh ina aghaidh.
16. Ach an té a thiocfaidh ina choinne, déanfaidh sé leis de réir a thola, agus ní sheasfaidh neach ina aghaidh; seasfaidh sé i dTír na Glóire, agus beidh sé go léir faoina smacht.
17. Cuirfidh sé os a chomhair teacht le tostal a ríochta uile agus tabharfaidh sé coinníollacha síochána leis agus cuirfidh i bhfeidhm iad. Tabharfaidh sé iníon ban dó lena mhilleadh; ach ní sheasóidh sé sin ná ní dhéanfaidh sé tairbhe dó.
18. Ansin iompóidh sé in aghaidh na n‑insí agus gabhfaidh a lán díobh, ach cuirfidh ceann feadhna críoch lena shotal agus caithfidh sé siar air féin é.”