4. Nuair a bheidh sé éirithe, brisfear a fhlaitheas agus scaipfear é i dtreo ceithre ghaoth na spéire, ach ní ar mhaithe lena shliocht féin é; ní rialófar é mar a rialaigh seisean é, mar sracfar a fhlaitheas chun siúil agus tabharfar é do dhaoine eile seachas iad siúd.”
5. “Beidh rí an deiscirt cumhachtach, ach is cumhachtaí ná é fós a bheidh duine dá phrionsaí agus beidh a ríocht ina ríocht fhairsing.
6. Tar éis roinnt blianta déanfaidh siad conradh agus tiocfaidh iníon rí an deiscirt chun rí an tuaiscirt chun réiteach a dhéanamh; ach ní mhairfidh neart a láimhe, ná ní sheasfaidh sé féin ná a phór; ach tabharfar i lámha í, í féin agus a lucht friothála, a leanbh, agus an té ar leis í.
7. Ina uain féin, éireoidh beangán dá fréamhacha ina áit; tiocfaidh sé in aghaidh na sluaite agus rachaidh sé isteach i ndaingean rí an tuaiscirt, rachaidh i ngleic leo agus béarfaidh bua.
8. Tabharfaidh sé leis mar chreach chun na hÉigipte a ndéithe, a n‑íomhánna, a leastair luachmhara airgid agus óir, agus ar feadh roinnt blianta fanfaidh sé gan ionsaí a dhéanamh ar rí an tuaiscirt.