2. Thug an Tiarna Iahóiácaím, rí Iúdá, ar láimh dó agus cuid de shoithí theach Dé chomh maith; agus thug sé leis go Sionár iad seo, go teach a dhé féin, agus chuir sé na soithí i dtaisce a dhéithe féin.
3. D'ordaigh an rí ansin do mháistir a choillteán, Aispeanaz, cuid de mhuintir Iosrael a thoghadh, de chlann an rí agus de na teaghlaigh uaisle,
4. ógáin gan ainimh, álainn ina scéimh agus oilte i ngach dán, le bua eagna agus le tuiscint ar léann, agus é ar a gcumas fónamh i bpálás an rí; agus teanga na gCaildéach a mhúineadh dóibh seo.
5. Dháil an rí orthu lón gach lae den bhia blasta ó bhord an rí agus den fhíon a d'óladh sé féin. Bhí siad le hoiliúint ar feadh trí bliana, agus, i gceann na haimsire sin, le freastal ar an rí.
6. Ina measc seo bhí Dainéil, Hanainias, Míséil, agus Azairiá de threibh Iúdá.
7. Thug máistir na gcoillteán ainmneacha orthu: ar Dhainéil thug sé Béiltiseazar, ar Hanainiá Seadrac, ar Mhíséil Méiseac, ar Azairiá Aibéid Neagó.