Colosaigh 2:11-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.

12. Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.

13. Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,

14. agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é á thairneáil ar an gcrois.

15. Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.

Colosaigh 2