Colosaigh 1:8-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.

9. Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,

10. ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;

11. go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní

12. agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas

13. agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.

Colosaigh 1