Colosaigh 1:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. agus a d'fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d'aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.

14. Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.

15. Is íomhá den Dia dofheicthe éagus céadghin gach dúile cruthaithe

16. mar is trídsean a cruthaíodha bhfuil ar neamh agus ar talamhbídís sofheicthe nó dofheicthe,idir Thróin agus Thiarnaisidir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí.Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t‑iomlán.

17. Tá tosach aige orthu uileagus is ann a choinnítear ar bun iad.

18. Is é ceann an choirp é,ceann na hEaglaise.Is é an tús é,an chéadghin ó mhairbhi dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.

19. Mar is ann ab áille lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,

20. agus is trídsean ab áil leisgach a bhfuil ar neamh agus ar talamha thabhairt chun athmhuintearais leis féin,agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.

21. Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;

22. ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d'fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.

23. Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.

24. Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.

25. Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:

26. an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.

Colosaigh 1