Cóheilit 7:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin.

3. Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama.

4. Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt.

5. Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.

6. Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith.

7. Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí.

8. Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t‑uabhar.

9. Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.

10. Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur.

11. Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.

12. Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

13. Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?

14. Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.

15. Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.

16. Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?

17. Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí?

Cóheilit 7