15. Is scannalach an t‑olc seo chomh maith: go n‑imeoidh sé go díreach mar a tháinig sé; agus cén tairbhe a fhaigheann sé nuair is in aisce a bhíonn a chuid saothair go léir.
16. Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge.
17. Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.
18. Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.
19. Ní bheidh sé ag machnamh go brúite ar ghiorra a shaoil mar coinneoidh Dia gafa é ag aoibhneas a chroí.