7. Cheannaigh mé sclábhaithe, idir fhir agus mhná, de bhreis ar na sclábhaithe teallaigh a bhí agam. Bhí níos mó eallaigh agus caorach i mo sheilbh agam, leis, thar mar a bhí, ag aon duine eile a bhí in Iarúsailéim romham.
8. Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.
9. Dá bharr sin uile bhí mé níos cumhachtaí agus níos saibhre ná aon duine ar bith díobh siúd a bhí in Iarúsailéim romham.
10. Agus cibé ar bith ní a shantaigh mo shúile, níor choimeád mé uathu é ná níor cheil mé aon phléisiúr ar bith orm féin. Is ea, go deimhin; bhain mé taitneamh as mo chuid saothair go léir agus is mar sin amháin a cúitíodh mo dhua uile liom.
11. D'iompaigh mé ansin chun breathnú ar na hoibreacha go léir a bhí déanta ag mo lámha agus ar an saothar uile ar chaith mé mo dhúthracht leis; agus féach, ní raibh san iomlán de ach baois agus tóraíocht gaoithe ná ní raibh tairbhe dá laghad le baint as faoi luí na gréine.
12. Agus cad a fhéadfaidh comharba an rí a dhéanamh? Dada thar a bhfuil déanta cheana.
13. Agus thug mé faoi staidéar a dhéanamh ar an eagna agus ar an díth céille agus ar an amaidí.
14. Chonaic mé gur tairbhí an eagna ná an amaidí faoi mar is tairbhí an solas ná an dorchadas.
15. Tá súile ina cheann ag an saoi; is sa dorchadas, ámh, a shiúlann an daoi. Ach is eol domsa go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dóibh beirt.