2. sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae,ar an ngealach agus ar na réaltaí,agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;
3. nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crithagus na fir láidre cromtha síos;nuair a stadann na meilteoirí mná den obairde bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann;nuair nach bhfeictear níos mó an bhantrachta bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;
4. nuair a dhúntar doirse na sráideagus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí;nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost]agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo;
5. nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh ardaagus scanradh air siúl sa tsraid;nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláthagus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallachagus caor na cupraisce gan éifeacht;óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraíagus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;
6. sula ngearrtar an corda airgidagus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir;sula mbristear an crúiscín ag an tobaragus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán;
7. sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráthagus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
8. Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.
9. I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.
10. D'fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.
11. Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t‑aon aoire amháin uaidh.
12. Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn.
13. Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.