8. Tá gach uile ní lán leimhe agus ní féidir leis an duine trácht a dhéanamh orthu; ní bhíonn an tsúil sásta lena bhfeiceann sí ná an chluas sásta lena gcloiseann sí.
9. An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine.
10. Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi: “Féach, is rud nua é seo,” bhí sé ann romhainn anallód.
11. Ní chuimhnítear anois ar na glúine a bhí ann fadó; ná ní bheidh cuimhne ar na glúine atá le teacht ag na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh.
12. Bhí mise, Cóheilit, i mo rí ar Iosrael in Iarúsailéim
13. agus le barr eagna chuir mé m'intinn ag obair chun cuardach agus taighde a dhéanamh i dtaobh an uile ní a dhéantar faoi na spéartha - diansaothar dólásach é seo a leag Dia ar dhaoine chun iad a chrá.
14. Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.
15. Óir, ní féidir an cam a dhíriú ná an ní nach bhfuil ann a chomhaireamh.
16. Arsa mise liom féin ansin: “Féach, táimse tar éis níos mó den eagna a chnuasach ná duine ar bith díobh siúd a bhí ina rialtóirí ar Iarúsailéim romham agus is mór ar fad an taithí atá faighte agam ar an eagna agus ar an eolas.”
17. Mar sin féin, nuair a chuir mé m'intinn ag obair chun an eagna agus an t‑eolas, an díth céille agus an amaidí, a thuiscint, d'aithin mé nach raibh anseo chomh maith ach tóraíocht gaoithe.
18. Óir, dá mhéad í ár n‑eagna is ea is mó ár gcrá agus dá leithne é ár n‑eolas is ea is géire ár bpianpháis.