Breithiúna 9:45-57 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

45. Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.

46. Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít.

47. Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd,

48. ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d'ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: “Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.”

49. Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.

50. Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar.

51. Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d'iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir.

52. Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d'ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine,

53. chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc.

54. Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.

55. Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.

56. Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air.

57. Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith.

Breithiúna 9