Breithiúna 9:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana.

23. Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.

24. Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.

25. Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.

26. Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis.

27. Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.

28. Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige?

29. Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ”

30. Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d'adhain a fhearg.

Breithiúna 9