Breithiúna 8:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: “Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?” Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,

2. ach d'fhreagair sé iad: “Cad tá déanta agamsa seachas agaibhse? Nach fearr ceannóga finiúna Eafráim ná fómhar fíona Aibíeizir?

3. Thug Dia taoisigh Mhidián, Oraeb agus Zeib, ar láimh daoibh. Cad a ba fhéidir domsa a dhéanamh seachas sibhse?” Ansin chuaigh a bhfearg ar ceal ar chlos na bhfocal sin.

4. Tháinig Gideón go dtí an Iordáin agus chuaigh thairsti sall, ach bhí sé féin agus a thrí céad comrádaí sa tóir tuirseach tnáite.

5. Dúirt sé dá bhrí sin le muintir Shucót: “Tugaigí roinnt builíní aráin do mo lucht leanúna, le bhur dtoil, mar tá siad traochta agus táimse sa tóir ar Zeaba agus Zalmuná, ríthe Mhidián.”

6. D'fhreagair taoisigh Shucót: “Arán a thabhairt do d'arm? An ea go bhfuil greim agaibh cheana féin ar Zeaba agus ar Zalmuná?”

7. Agus dúirt Gideón: “Tá go maith mar sin! Nuair a thabharfaidh an Tiarna Zeaba agus Zalmuná ar láimh dom, déanfaidh mé bhur bhfeoil a stolladh le deilgneach fásaigh agus le seacha.”

8. Chuaigh sé as sin go Panúéil agus d'iarr sé an rud céanna orthu; thug muintir Phanúéil freagra air mar a rinne muintir Shucót.

9. Agus d'fhreagair sé muintir Phanúéil: “Nuair a fhillfidh mé faoi bhua, scriosfaidh mé an túr seo.”

10. Bhí Zeaba agus Zalmuná i gCarcor lena n‑arm, timpeall cúig mhíle dhéag fear, a raibh fagtha ar fad d'arm mhuintir an Oirthir. Bhí céad agus a fiche míle de lucht iompair airm ar lár.

Breithiúna 8