Breithiúna 7:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ansin dúirt an Tiarna le Gideón: “Leis an trí chéad fear a rinne an leadhbadh, déanfaidh mé sibh a fhuascailt, agus tabharfaidh mé an lámh in uachtar duit ar Mhidián. Téadh an chuid eile go léir ar ais, gach duine chun a thí féin.”

8. Thóg [Gideón] a raibh de chrúscaí agus d'adharca ag an bpobal, agus chuir sé na hIosraelaigh eile go léir chun siúil, gach duine go dtí a bhoth féin, gan ach an trí chéad a choimeád aige féin. Bhí longfort Mhidián sa chom laistíos de.

9. I gcaitheamh na hoíche céanna dúirt an Tiarna leis: “Bí i do shuí, agus síos leat go dtí an longfort, mar thug mé ar láimh duit é.

10. Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,

11. agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.

12. Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.

13. Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”

14. D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”

15. Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d'fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: “Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.”

16. Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca.

17. Dúirt sé leo: “Fairigí mise agus déanaigí mar a dhéanaimse. Nuair a thiocfaidh mé go himeall an longfoirt, déanaigí díreach mar a dhéanfaidh mise.

18. Nuair a shéidfidh mé ar an adharc, mé féin agus an dream a bheidh faram, ansin séidigí sibhse leis ar an adharc ar gach taobh den longfort agus cuirigí gáir suas: ‘Don Tiarna agus do Ghideón.’ ”

19. Tháinig Gideón agus an céad fear a bhí ina theannta go himeall an longfoirt ag tús faire na meánoíche, nuair a bhí foireann nua faire ceaptha. Shéideadar ar a n‑adharca agus bhriseadar na crúscaí a bhí ina lámha.

20. Shéid na trí díormaí ar a n‑adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: “(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!”

21. Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.

Breithiúna 7