Breithiúna 7:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Ach más eagal leat tabhairt faoi, beir do ghiolla Purá síos leat ar dtús,

11. agus éist lena bhfuil á rá acu; cuirfidh sin misneach ort, agus ansin déanfaidh tú ionsaí ar an longfort.” D'imigh sé síos dá bhrí sin le Purá a ghiolla go dtí urphoist shaighdiúirí an longfoirt.

12. Bhí Midián agus Amáiléic agus muintir an Oirthir go léir leata ar fud an choma mar lócaistí le líonmhaire; bhí líon gan áireamh de chamaill acu, mar ghaineamh na trá le líonmhaire.

13. Nuair a shroich Gideón, bhí fear ag insint dá chomrádaí faoi bhrionglóid: “Taibhríodh taibhreamh dom,” ar sé; “féach! ghabh builín eorna de ruathar trí longfort Mhidián; shroich sé an bhoth, bhuail í, leag í, agus chuir tóin in airde í.”

14. D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”

15. Nuair a chuala Gideón an bhrionglóid á hinsint agus á ciallú, chaith sé é féin ar a ghlúine. Ansin d'fhill sé ar longfort Iosrael agus dúirt: “Bígí in bhur suí: mar tá longfort Mhidián curtha faoinár láimh ag an Tiarna.”

16. Ansin roinn Gideón an trí chéad fear ina dtrí díormaí, chuir adharc i láimh gach duine díobh, agus crúsca folamh agus lóchrann i ngach crúsca.

17. Dúirt sé leo: “Fairigí mise agus déanaigí mar a dhéanaimse. Nuair a thiocfaidh mé go himeall an longfoirt, déanaigí díreach mar a dhéanfaidh mise.

18. Nuair a shéidfidh mé ar an adharc, mé féin agus an dream a bheidh faram, ansin séidigí sibhse leis ar an adharc ar gach taobh den longfort agus cuirigí gáir suas: ‘Don Tiarna agus do Ghideón.’ ”

19. Tháinig Gideón agus an céad fear a bhí ina theannta go himeall an longfoirt ag tús faire na meánoíche, nuair a bhí foireann nua faire ceaptha. Shéideadar ar a n‑adharca agus bhriseadar na crúscaí a bhí ina lámha.

20. Shéid na trí díormaí ar a n‑adharca, agus bhriseadar a gcrúscaí; rugadar greim ar na lóchrainn ina gciotóga agus ar na hadharca le séideadh ina ndeasóga; agus chuireadar gáir suas: “(Claíomh) don Tiarna agus do Ghideón!”

21. Sheas gach duine ina láthair féin timpeall an longfoirt. [Dhúisigh] lucht an longfoirt go léir agus theitheadar agus iad ag liúirigh.

22. Fad a bhí an trí chéad ag séideadh a n‑adharc, chuir an Tiarna claíomh gach duine in aghaidh a chéile sa longfort. Theitheadar go léir chomh fada le Béit Siteá i dtreo Záratán, go himeall Ábael Machólá os comhair Thabát.

Breithiúna 7