Breithiúna 6:28-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Nuair a d'éirigh muintir an bhaile ar maidin lá arna mharach, féach! bhí altóir Bhál leagtha anuas, an cuaille naofa a bhí taobh léi scriosta, agus an gamhain ramhar eile ofráilte ina íobairt dhóite ar an altóir eile a tógadh.

29. “Cé rinne é seo?” ar siad lena chéile. Cheistíodar agus rinneadar iniúchadh, agus dúradar: “Sé Gideón mac Ióáis a rinne é seo!”

30. Ansin dúirt muintir an bhaile le Ióáis: “Tabhair amach do mhac, mar ní foláir é a chur chun báis, mar gur leag sé anuas altóir Bhál, agus gur ghearr sé anuas an cuaille naofa a bhí taobh leis.”

31. Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: “An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.”

32. Tugadh Iarubál ar Ghideón an lá sin, mar dúradar: “Ní foláir do Bhál aighneas a dhéanamh ina choinne, ós rud é gur scrios sé a altóir.”

33. Ansin chruinnigh Midián agus Amáiléic, agus muintir an Oirthir go léir le chéile; ghabhadar thar an Iordáin agus shuíodar a longfort i nGleann Izréil.

34. Tháinig spiorad an Tiarna ar Ghideón: shéid sé ar an adharc agus d'fhreagair Aibíezir go léir a ghlaoch.

Breithiúna 6