15. D'fhreagair seisean: “A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m'athar.”
16. Dúirt an Tiarna leis: “Beidh mise leat, agus buailfidh tú Midián amhail is nach mbeadh iontu ach aon duine amháin.”
17. “Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.
18. Guím thú gan imeacht as seo nó go dtiocfaidh mé chugat arís agus go dtabharfaidh mé m'íobairt chugat, agus go gcuirfidh mé i do láthair í.” Agus d'fhreagair seisean: “Fanfaidh mé go dtiocfaidh tú ar ais.”
19. D'imigh Gideón abhaile ansin agus d'ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t‑anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis,
20. dúirt Dia leis: “Beir leat an fheoil, agus na builíní gan ghabháile, agus cuir ar an gcarraig seo iad, agus doirt an t‑anraith orthu.” Rinne sé amhlaidh.
21. Leis sin shín aingeal an Tiarna barr na slaite a bhí ina láimh, gur bhain leis an bhfeoil agus leis na builíní gan ghabháile. Phreab tine as an gcarraig ansin agus loisc an fheoil agus na builíní gan ghabháile, agus leis sin sceinn aingeal an Tiarna as amharc.
22. Thuig Gideón ansin gurbh é aingeal an Tiarna a bhí ann agus dúirt sé: “Faraor, a Thiarna Dia! Chonaic mé aingeal an Tiarna gnúis le gnúis!”
23. Ach dúirt an Tiarna leis: “Síocháin leat! Ná bíodh eagla ort, ní bhfaighidh tú bás.”
24. Thóg Gideón altóir don Tiarna san áit sin, agus thug sé Síocháin É An Tiarna mar ainm uirthi. Tá sí ina seasamh ansiúd fós in Ofrá na nAibíezreach.
25. Dúirt an Tiarna leis an oíche sin: “Faigh gamhain ramhar d'athar, an dara ceann. Leag anuas an altóir do Bhál atá ag d'athair, agus gearr anuas an cuaille naofa taobh léi.
26. Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.”