Breithiúna 5:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tá taoisigh Eafráim sa ghleann;Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí.Chuir na ceannairí chun siúil ó MhácaírAgus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.

15. Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá;Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh.I measc srutháin Reúbaen,Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.

16. Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróiteAg éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad?(I measc srutháin Reúbaen,Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)

17. D'fhan Gileád thar Iordáin.Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch?Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige,Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.

18. Chuir treibh Zabúlun a n‑anam i bhfiontar,Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin.

19. Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas;Ansin throideadar, ríthe úd Chanán,Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo;Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.

20. Throid na réaltaí ó uachtar neimhe;Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí.

21. Scuab tuile Chiseon chun siúil iad,An tuile naofa, tuile Chiseon;Treascair, a anam liom, treascair le fuinneamh;

22. Tá tine chreasa ón talamh faoi chrúba na n‑each,Agus iad ag gabháil sna feilimintí siúil.

23. “Mallacht ar Mhaeróz,” arsa aingeal an Tiarna.Mallacht agus mallacht eile ar an muintir a chónaíonn ann,Mar nár tháinig siad i gcabhair ar an Tiarna,I gcabhair ar an Tiarna in aghaidh na dtreon.

Breithiúna 5