12. Múscail, múscail, a Dheabórá,Múscail, múscail, agus abair amhrán.Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat;Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe,A mhic Aibíonoam!
13. Mháirseáil Iosrael síos chun na ngeataí,Mháirseáil pobal an Tiarna síos mar laochra chun troda ar a shon.
14. Tá taoisigh Eafráim sa ghleann;Tá bhur mbráithre Biniáimin ag gabháil le bhur ndíormaí.Chuir na ceannairí chun siúil ó MhácaírAgus ó Zabúlun lucht iompartha slat an cheannais.
15. Tá flatha Íosácár i dteannta Dheabórá;Tá Naftáilí sa ghleann le Bárác agus á leanúint le teann deabhaidh.I measc srutháin Reúbaen,Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.
16. Cad ab áil libh ag moilliú i measc na gcróiteAg éisteacht le píobaireacht i measc na dtréad?(I measc srutháin Reúbaen,Tá cúraimí faoi chaibidil go fadálach.)
17. D'fhan Gileád thar Iordáin.Cad ab áil le Dán a bheith i measc loingeas na gcoimhthíoch?Shuigh Áiséar go sochma ar fheorainn na farraige,Ag cur faoi go síochánta ag a chalaí.
18. Chuir treibh Zabúlun a n‑anam i bhfiontar,Agus Naftáilí chomh maith ar na hardáin.
19. Tháinig na ríthe agus chuadar sa treas;Ansin throideadar, ríthe úd Chanán,Ag Tánác, agus uiscí Mhigideo;Ach níor thugadar aon chreach airgid leo.
20. Throid na réaltaí ó uachtar neimhe;Chuireadar cath ar Shíseará óna gcúrsaí.