Breithiúna 3:19-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Ach d'fhill sé féin ar ais ó Íola Ghilgeál, agus dúirt: “Tá teachtaireacht rúin agam duit, a rí.” “Ciúnas,” a d'fhógair an rí agus amach leis na giollaí go léir óna láthair.

20. Isteach le Éahúd chuige agus é ansiúd ina aonar ina shuí ina sheomra fionnuar uachtair. “Tá teachtaireacht ó Dhia agam duit, a rí,” arsa Éahúd. D'éirigh an rí ina sheasamh as a shuíochán.

21. Ansin shín Éahúd a chiotóg agus tharraing a chlaíomh óna shliasaid dheas agus rop sé ina bholg siúd é.

Breithiúna 3