Breithiúna 20:5-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. D'éirigh fir Ghibeá i mo choinne; thimpeallaíodar an teach ina raibh mé san oíche; bhí fonn mo mharaithe orthu, agus d'éigníodar mo bhean luí agus fuair sí bás.

6. Thug mé liom mo bhean luí ansin agus ghearr ina piosaí í agus chuir í ar fud fearann oidhreachta Iosrael go léir, mar go bhfuil coir ghrainiúil náireach déanta ag na fir úd in Iosrael.

7. Sibhse go léir cruinnithe anseo, a phobal Iosrael, tugaigí bhur mbreith agus cinnigí bhur gcomhairle ar an toirt.”

8. D'éirigh an pobal go léir ina seasamh le chéile agus dúradar: “Ní rachaidh aon duine againn ar ais go dtí a bhoth, ná ní fhillfidh aon duine againn ar a bhaile.

9. Mar seo a dhéanfaimid le Gibeá: Beidh crannchur againn ina thaobh;

10. toghfaimid deichniúr as gach céad as gach treibh d'Iosrael, agus céad as gach míle, agus míle as gach deich míle, chun lón a sholáthar don phobal, [dóibh siúd a rachaidh agus] díoltas a imirt ar Ghibeá le Biniáimin ar son na coire náirí go léir a rinneadar in Iosrael.”

11. Tháinig fir Iosrael go léir le chéile bonn ar bhonn i gcoinne na cathrach sin.

12. Chuir treibheanna Iosrael teachtairí ar fud treibh uile Bhiniáimin á rá: “Cad é an choir í seo atá déanta in bhur measc?

13. Tugaigí suas na fir úd, na scraistí i nGibeá, d'fhonn go gcuirfimis chun báis iad, agus an t‑olc a dhíbirt as Iosrael.” Ach ní éisteodh muintir Bhiniáimin le glór a mbráithre, clann Iosrael.

14. Chruinnigh na Biniáiminigh le chéile as a gcathracha go Gibeá chun catha a chur ar chlann Iosrael.

15. Thionóil na Biniáiminigh as a gcathracha ar an lá sin, fiche sé míle duine a láimhseálfadh claíomh, seachas áitritheoirí Ghibeá (a chruinnigh seacht gcéad laoch tofa).

16. Bhí orthusan seacht gcéad laoch, ar comhdheas acu deas agus clé, a bhféadfadh gach fear díobh cloch a chaitheamh as a chrann tabhaill le ribe gan iomrall.

17. Ba é líon chlann Iosrael a thionóil, seachas Biniáimin, ceithre chéad míle fear a láimhseálfadh claíomh; trodairí le taithí iad go léir.

18. Chuireadar chun bóthair agus chuadar go Béitéil chun dul i gcomhairle le Dia; chuir clann Iosrael an cheist: “Cé acu dínn ar chóir dó dul suas ar dtús agus na Biniáiminigh a ionsaí?” D'fhreagair an Tiarna: “Téadh Iúdá suas ar dtús.”

19. Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.

Breithiúna 20