Breithiúna 19:22-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”

23. Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: “Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin.

24. Féach, seo maighdean iníne liom (agus a bhean luí), tabharfaidh mé amach chugaibh anois í. Déan bhur gcuid féin di agus déan mar is mian libh léi, ach ná déanaigí beart chomh náireach in aghaidh an fhir seo.”

25. Ní éisteodh na fir leis. Rug an Léivíteach ar a bhean luí dá bhrí sin agus chuir amach chucu í. Luíodar léi agus mhaslaíodar í ar feadh na hoíche go maidin. Le breacadh an lae scaoileadar léi.

26. Leis an láchan tháinig an ógbhean agus thit ag tairseach tí an fhir lenar fhan a céile, agus bhí sí ansiúd go raibh sé ina lá geal.

27. D'éirigh a fear ar maidin agus d'oscail doras an tí; ag teacht amach dó le leanúint ar aghaidh ar a aistear, féach! ba shiúd í a bhean luí caite ansiúd ag doras an tí agus a lámha ar an tairseach.

28. Dúirt sé léi: “Bí i do sheasamh, ní foláir dúinn imeacht,” ach freagra ní bhfuair sé. Ansin d'ardaigh sé ar dhroim a asail í, agus chuir chun bóthair abhaile.

29. Nuair a shroich sé a theach, fuair sé scian, rug ar a bhean luí agus roinn í, ball ar bhall, ina dhá chuid déag; ansin scaip sé í ar fud críocha uile Iosrael.

30. [Thug sé na treoracha seo dá theachtairí: “Seo mar a déarfaidh sibh leis na hIosraelaigh go léir: ‘Ar tharla nó an bhfaca aon duine riamh a leithéid sin ón lá a tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte go dtí an lá seo féin? Machnaígí air, téigí i gcomhairle faoi, agus tugaigí bhur mbreith.’ ”] Gach duine a chonaic, dúradar: “Ní dhearnadh ná ní fhacthas riamh a leithéid ó tháinig clann Iosrael amach as tír na hÉigipte.”

Breithiúna 19