1. San am sin nuair nach raibh aon rí in Iosrael, bhí Léivíteach ag cur faoi in áit iargúlta in ardáin Eafráim. Ghlac sé bean luí chuige as Beithil in Iúdá.
2. Tháinig taom feirge uirthi leis agus d'imigh sí léi go teach a hathar i mBeithil in Iúdá agus d'fhan ann timpeall ceithre mhí.
3. Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.
4. Chuir athair a chéile, athair na hógmhná, d'iallach air fanacht fairis, agus d'fhan fairis trí lá; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar an oíche ann.
5. Ar an gceathrú lá, d'éiríodar go moch, agus d'ullmhaigh an Léivíteach chun bóthair, ach dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Bíodh greim bia agat chun tú féin a neartú don bhóthar! Is féidir duit imeacht ina dhiaidh sin.”
6. Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”
7. Nuair a d'éirigh seisean chun imeachta, thathain athair a chéile air arís agus chaith sé oíche eile ann.
8. An cúigiú maidin, d'éirigh sé go moch chun imeachta, ach dúirt athair na hógmhná leis: “Bíodh greim bia agat le tú a neartú agus fan go nóin.” Agus d'itheadar araon le chéile.