Thug muintir Dhán leo an rud a rinne Míceá agus an sagart a d'fhónadh dó, agus mháirseáladar in aghaidh Láis, pobal síochánta gan drochiontaoibh. Rinneadar ár agus eirleach orthu agus chuireadar an chathair trí thine.