Breithiúna 18:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc.

16. Agus an sé chéad fear de threibh Dhán faoi airm chogaidh ina seasamh ag tairseach an gheata,

17. chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód agus an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh.

18. Nuair a chuaigh na fir úd isteach i dteach Mhíceá agus gur thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód, an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite), dúirt an sagart leo: “Cad tá ar siúl agaibh?”

19. Dúradar leis: “Bí i do thost! Cuir do lámh thar do bhéal agus téanam linn, agus bí i d'athair agus i do shagart againn. An fearr duit a bheith i do shagart do theaghlach aon duine amháin, nó a bheith i do shagart do threibh agus d'fhine in Iosrael?”

20. Bhí áthas croí ar an sagart; thóg sé an t‑éafód, an taráfaím agus an íomhá ghreanta agus d'imigh leis i lár na buíne.

21. D'iompaíodar dá bhrí sin agus d'imíodar leo, agus [na mná], na miondaoine, an t‑eallach, agus an chreach rompu amach acu.

22. Nuair a bhíodar imithe tamall ó theach Mhíceá, glaodh ar na comharsana i gcóngar theach Mhíceá, agus chuadar sa tóir ar mhuintir Dhán.

23. Nuair a liúdar orthu, chas muintir Dhán ar a sáil agus dúradar le Míceá: “Cad tá ort ag teacht sa tóir orainn le dream mar seo?”

24. D'fhreagair sé: “Thóg sibh libh an dia a rinne mé dom féin, agus thóg sibh an sagart chomh maith. Tá sibhse ag imeacht libh, agus cad atá fágtha agamsa? Cén chaoi a bhféadfadh sibh ceist a chur: ‘Cad tá ort?’ ”

Breithiúna 18