11. Chuir sé chéad fear de threibh Dhán chun bóthair ó Zorá agus ó Eisteáól, agus airm chogaidh acu.
12. Chuadar suas agus shuíodar a longfort i gCiriat Iáraím i Iúdá. Uime sin a thugtar Longfort Dhán mar ainm ar an áit sin ó shin. Tá sé siar ó Chiriat Iáraím.
13. Chuadar as sin go hardáin Eafráim agus thángadar go teach Mhíceá.
14. Ansin labhair an cúigear a chuaigh chun dúiche Láis a thaiscéaladh agus dúirt lena mbráithre: “An bhfuil fhios agaibh go bhfuil éafód agus taráfaím agus íomhá ghreanta (íol de mhiotal leáite) sna tithe seo? Déanaigí machnamh dá bhrí sin ar a bhfuil le déanamh agaibh.”
15. Chasadar i leataobh ansin agus chuadar go teach an Léivítigh óig in áitreabh Mhíceá, agus chuir siad a thuairisc.
16. Agus an sé chéad fear de threibh Dhán faoi airm chogaidh ina seasamh ag tairseach an gheata,
17. chuaigh an cúigear a rinne an tír a thaiscéaladh ar aghaidh isteach sa teach, thógadar leo an íomhá ghreanta, an t‑éafód agus an taráfaím (agus an t‑íol de mhiotal leáite); bhí an sagart idir an dá linn ina sheasamh ansiúd ar thairseach an gheata leis an sé chéad fear faoi airm chogaidh.