Breithiúna 17:10-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Dúirt Míceá leis: “Fan anseo liomsa; bí i d'athair agus i do shagart agam, agus tabharfaidh mé deich seicil sa bhliain duit, agus bia agus éadach,” agus thathain sé go dian ar an Léivíteach.

11. D'aontaigh an Léivíteach fanacht i dteach an fhir, agus bhí an t‑ógánach aige mar mhac leis féin.

12. Chuir Míceá an Léivíteach i mbun a chúraim; rinneadh sagart do Mhíceá den fhear óg agus d'fhan sé ina theach.

13. Dúirt Míceá: “Tá a fhios agam go mbeidh rath ón Tiarna orm anois mar go bhfuil an Léivíteach seo mar shagart agam.”

Breithiúna 17