Breithiúna 16:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Samsón as sin go Gaza; luigh a shúil ar striapach ansiúd agus chuaigh sé isteach chuici.

2. Fuair fir Ghazá an scéala: “Tá Samsón tagtha.” Thángadar timpeall na háite agus d'fhanadar i luíochán air ar feadh na hoíche go léir ag geata na cathrach. Ní raibh cor astu ar feadh na hoíche go léir, á rá leo féin: “Fanaimís go breacadh an lae; maróimid ansin é.”

3. D'fhan Samsón sa leaba, ámh, go meánoíche; d'éirigh sé ansin meánoíche, rug ar chomhlaí geataí na cathrach agus ar a dhá ursain, bhain dá lúdracha iad, boltaí agus uile, d'ardaigh ar a ghuaillí iad, agus thug leis iad go mullach an chnoic os comhair Heabrón, [agus d'fhág ansin iad].

4. Thit sé i ngrá ina dhiaidh sin le bean i nGleann Shóraec, arbh ainm di Dilíleá.

5. Tháinig taoisigh na bhFilistíneach chuici agus dúirt léi: “Meall é agus faigh amach cá has a dtagann an neart éachtach atá aige, agus conas a d'fhéadfaimís é a chloí agus é a chuibhriú agus a smachtú. Tabharfaidh gach duine againn aon chéad déag seicil airgid mar dhíolaíocht duit.”

6. Dúirt Dilíleá le Samsón: “Inis dom, le do thoil, cá has a dtagann do neart éachtach, agus cad ba ghá le thú a chuibhriú agus thú a smachtú.”

7. D'fhreagair Samsón: “Dá gceanglófaí mé le seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh, ansin chaillfinn mo neart agus bheinn mar aon fhear eile.”

8. Ansin thug taoisigh na bhFilistíneach chuici seacht sreanga bogha úra nár triomaíodh agus rinne sí é a chuibhriú leo.

9. Bhí fir i bhfolach aici ina seomra laistigh, agus liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón!” Ach bhris sé na sreanga bogha mar a bhrisfeadh snáithe barraigh nuair a bhaineann an tine leis. D'fhan foinse a nirt ina rún dá réir sin.

10. Ansin dúirt Dilíleá le Samsón: “Bhí tú ag magadh fúm agus ag insint éithigh dom. Inis dom, le do thoil, cad ba ghá le thú a chuibhriú.”

Breithiúna 16