Breithiúna 15:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Dúirt Samsón leo: “Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.”

4. D'imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball.

5. Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith.

6. “Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine.

7. Dúirt Samsón leo: “Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.”

8. Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.

Breithiúna 15