Breithiúna 15:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha.

15. Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis.

16. Ansin dúirt Samsón:“Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh,Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.”

17. Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit.

18. Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: “Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?”

19. Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D'ól Samsón, d'fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin.

20. Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain.

Breithiúna 15