Breithiúna 11:29-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Tháinig spiorad an Tiarna ar Iaftá agus ghabh sé sin trí Ghileád anonn agus trí Mhanaise gur shroich sé Mizpeá i nGileád agus ghluais sé ó Mhizpeá i nGileád ar chúl na nAmónach.

30. Agus thug Iaftá móid don Tiarna agus is é a dúirt sé: “Má thugann tú na hAmónaigh suas dom

31. is leis an Tiarna go dearfa an té is túisce a thiocfaidh i mo dháil as doirse mo thí agus mé ag casadh abhaile go caithréimeach tar éis cath a chur ar na hAmónaigh agus déanfaidh mé an duine sin a ofráil ina íobairt uileloiscthe.”

32. Ghabh Iaftá sall chun catha in aghaidh na nAmónach mar sin agus thug an Tiarna isteach ina láimh iad.

33. Rinne sé iad a chiapadh ó Aroéir geall leis go Minít (fiche cathair) agus go hÁbael Carámaím gur chuir a n‑ár agus a n‑eirleach i dtreo gur cloíodh na hAmónaigh ag clann Iosrael.

34. Tháinig Iaftá ar ais chun a thí féin i Mizpeá ansin agus féach, tháinig a iníon amach ina dháil le ceol tiompán agus le rince. Ba í a leanbh aonair í, mar ní raibh mac ná iníon aige ach ise amháin.

35. Nuair a chonaic sé í stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “Uch, a iníon ó, cad é mar bhrón a chuireann tú orm! Mo mhairg gur thusa is cúis le mo chumha. Óir thug mé gealltanas don Tiarna agus ní thig liom dul siar ar mo mhóid.”

36. Agus dúirt sise leis: “A athair, má thug tú gealltanas don Tiarna, déan de réir na móide a rinne tú, ó d'imir an Tiarna díoltas thar do cheann ar do naimhde, ar na hAmónaigh.”

37. Lean sí uirthi agus dúirt lena hathair: “Déantar an méid seo ar mo shonsa: lig dom imeacht uait agus dhá mhí a chaitheamh ar na sléibhte chun go gcaoinfidh mé m'óghacht i bhfochair mo chompánach.”

38. D'fhreagair seisean: “Imigh leat,” agus lig sé uaidh í go ceann dhá mhí. D'imigh sí mar sin, í féin agus a compánaigh, agus chaoin sí a hóghacht ar na sléibhte.

39. Agus i gceann dhá mhí, tháinig sí ar ais chun a hathar agus rinne seisean léi de réir na móide a bhí tugtha aige. Níor chuir sí aithne riamh ar fhear. Rinne nós de in Iosrael

40. go dtéadh cailíní óga Iosrael gach bliain chun iníon Iaftá, an Gileádach, a chaoineadh ar an sliabh ar feadh ceithre lá sa bhliain.

Breithiúna 11