2. Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d'fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: “Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n‑athar, mar is mac mná deoranta thú.”
3. Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.
4. Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.
5. Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.
6. Dúradar le Iaftá: “Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.”
7. Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: “Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m'athar amach mé? Cad a b'áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?”
8. Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.”
9. D'fhreagair Iaftá seanóirí Ghileád: “Má thugann sibh ar ais abhaile mé le troid leis na hAmónaigh, agus go dtugann an Tiarna an lámh in uachtar dom orthu, an mbeidh mé i mo cheann oraibh?”
10. Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!”
11. Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
12. Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: “Cad é an t‑aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?”
13. D'fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: “Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.”
14. Chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach
15. leis an bhfreagra: “Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach,
16. ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.
17. Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: ‘Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil’; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D'fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.