10. Dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Go raibh an Tiarna ina fhinné eadrainn! Go raibh mallacht orainn mura ndéanfaimid mar a dúirt tú!”
11. Chuir Iaftá chun bóthair dá bhrí sin le seanóirí Ghileád, agus cheap na daoine mar cheann agus mar cheannasaí orthu féin é; rinne Iaftá a choinníollacha go léir a aithris arís i Mizpeá i bhfianaise an Tiarna.
12. Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: “Cad é an t‑aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?”
13. D'fhreagair rí na nAmónach teachtairí Iaftá: “Mar, nuair a bhí Iosrael ag teacht as an Éigipt, ghabhadar seilbh ar mo thírse ón Arnón go dtí an Iaboc, agus go dtí an Iordáin. Tabhair ar ais é go síochánta anois, dá bhrí sin.”
14. Chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach
15. leis an bhfreagra: “Mar seo a deir Iaftá: Níor ghabh Iosrael tír Mhóab ná tír na nAmónach,
16. ach nuair a tháinig Iosrael aníos ón Éigipt, chuaigh siad tríd an bhfásach go dtí Muir na nGiolcach agus shroicheadar Cáidéis.
17. Ansin chuir Iosrael teachtairí go rí Eadóm á rá: ‘Lig dúinn gabhail trí do thír, le do thoil’; ach ní éistfeadh rí Eadóm. Chuireadar teachtairí go rí Mhóáb chomh maith, ach ní bheadh sé sásta. D'fhan Iosrael i gCáidéis dá bhrí sin.
18. Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.