Breithiúna 11:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Gaiscíoch tréan a ba ea Iaftá an Gileádach, ach ba mhac striapaí é. Ba é Gileád athair Iaftá.

2. Bhí clann mhac ag bean Ghileád chomh maith, agus nuair a d'fhás clann a mhná, thiomáineadar Iaftá amach, agus dúradar leis: “Ní bheidh aon chuid agat i dteach ár n‑athar, mar is mac mná deoranta thú.”

3. Theith Iaftá óna bhráithre agus chuir faoi i dtír Thób. Bhailigh scraistí gan mhaith ina thimpeall agus théidís ag creachadh in éineacht leis.

4. Tar éis tamaill chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael.

5. Nuair a chuaigh na hAmónaigh chun cogaidh le hIosrael chuaigh seanóirí Ghileád ag triall ar Iaftá chun é a bhreith leo ó thír Thób.

6. Dúradar le Iaftá: “Tar agus gabh ceannas orainn i dtreo go gcuirfimís cogadh ar na hAmónaigh.”

7. Ach dúirt Iaftá le seanóirí Ghileád: “Nach sibhse a thug fuath dom agus a thiomáin as teach m'athar amach mé? Cad a b'áil libh ag teacht chugam anois agus sibh i gcruachás?”

Breithiúna 11