Barúch 5:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bain díot, a Iarúsailéim,do róba dobróin agus ainniseagus bíodh niamhracht ghlóir Déá caitheamh agat go brách.

2. Cóirigh thú féin faoi bhrat na fíréantachtaa thagann ó Dhia;cuir ar do cheann coróin ghlóir an Neach Shíoraí.

3. Óir taispeánfaidh Dia do bhreáthachtdo gach náisiún faoin spéir.

4. Is é an t‑ainm a thabharfaidh Dia ort feasta:An tSíocháin a Ghineann an Fhíréantacht,An Ghlóir a Eascraíonn ón gCráifeacht.

Barúch 5