Barúch 4:12-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Ná bíodh sé ina ábhar áthais ag aon duinemise a bheith i mo bhaintreachagus mé fágtha liom féin ag cách;tréigeadh mé de dheasca peacaí mo chlainne;óir chlaon siad ó dhlí Dé.

13. Níorbh eol dóibh a reachtanna;níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Déná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.

14. Tagadh comharsana Shíón anseo;cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.

15. Óir scaoil sé ina n‑aghaidhnáisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,nár thug urraim do sheandaoineagus nach raibh trua aige do leanaí óga,

16. agus a thug chun siúil macra muirneach na baintríagus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.

17. I dtaca liomsa de, áfach,conas is féidir dom cabhrú libh?

18. Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.

Barúch 4