1. Is ise leabhar aitheanta Déagus an dlí a mhaireann go deo.Mairfidh a gcoinneoidh greim uirthi;éagfaidh a dtréigfidh í.
2. Iompaigh, a Iacóib, agus beir uirthi;ar aghaidh leat i dtreo na loinnreachin airicis a cuid solais.
3. Ná tabhair do ghradam d'aon duine eile;ná bronn do phribhléidí ar chine coimhthíoch.
4. Is méanar dúinne, a Iosrael,mar is eol dúinnna nithe atá taitneamhach le Dia.
5. Bíodh misneach agaibh, a phobal liom,a shéadchomhartha Iosrael!
6. Ní chun go ndíothófaí sibha díoladh leis na náisiúin sibh;is amhlaidh a tugadh ar láimh do bhur naimhde sibhtoisc gur chuir sibh fearg ar Dhia.