Barúch 2:22-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine,

23. cuirfidh mé ina thost guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus in Iarúsailéim agus beidh an tír go léir ina fásach gan áitritheoirí.”

24. Ach níor éisteamar le do ghlór á rá linn seirbhís a dhéanamh. Mar sin de, chuir tú i gcrích na briathra a labhair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe; go dtógfaí amach as a n‑ionad adhlactha cnámha ár ríthe agus ár n‑aithreacha;

25. agus, féach, tá siad caite amach anois faoi bhrothall an lae agus faoi shioc na hoíche. Is amhlaidh a fuair siad bás le hanacraí uafásacha, le hocras, le faobhar an chlaímh agus le plá.

26. Agus an teach, ar tugadh d'ainm féin air, tá tú tar éis a chur sa riocht ina fheictear é inniu de dheasca urchóid theaghlach Iosrael agus theaghlach Iúdá.

27. Mar sin féin, a Thiarna, a Dhia linn, chaith tú linn de réir do cheansachta caoine agus do mhórthrócaire uile

28. faoi mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhísigh, Maois, nuair a d'ordaigh tú dó do dhlí a scríobh síos i láthair mhuintir Iosrael, á rá:

29. “Mura n‑éisteann sibh le mo ghlór, déanfar buíon bheag den slua ábhalmhór seo i measc ha náisiún a scaipfidh mé iontu iad.

30. Óir, is eol dom nach n‑éistfidh siad liom mar is ceanndána an pobal iad. Ach i dtír a ndeoraíochta béarfaidh siad ar a gciall

31. agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia. Agus tabharfaidh mé dóibh croí géilliúil agus cluasa aireacha;

32. agus molfaidh siad mé i dtír a ndeoraíochta agus tabharfaidh siad m'ainm chun chuimhne

33. agus iompóidh siad óna stuacacht agus óna ndrochghníomhartha; mar cuimhneoidh siad ar shlite a n‑aithreacha a pheacaigh in aghaidh an Tiarna;

34. agus treoróidh mé arís iad isteach sa tír a gheall mé de bhrí na mionn dá n‑aithreacha, d'Abrahám, agus d'Íosác agus d'Iacób agus rialóidh siad é; agus cuirfidh mé lena líon agus ní thiocfaidh laghdú ar bith orthu.

Barúch 2