13. Go maolaítear uainn, áfach, do chuid feirge mar níl ach buíon bheag dínn fágtha i measc na náisiún ar scaip tú sinn iontu.
14. Éist, a Thiarna, lenár nguí agus lenár n‑achainí agus fuascail sinn ar son d'ainm agus deonaigh dúinn go mbeidh gnaoi na ndaoine a thug ar deoraíocht sinn orainn,
15. ionas go mbeidh a fhios ag an domhan go léir gur tusa an Tiarna, ár nDia, de bhrí gur tugadh d'ainm ar Iosrael agus ar a shliocht.
16. Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn.
17. Oscail do shúile agus féach orainn; mar ní hiad na mairbh atá in Háidéas a bhfuil an anáil imithe as a gcorp a thabharfaidh glóir agus ceartseirbhís don Tiarna
18. ach na daoine a mbíonn buaireamh an-mhór orthu agus a bhíonn ag gabháil timpeall agus iad cromtha síos go lagbhríoch agus radharc a súl ag meath agus iad stiúgtha leis an ocras; sin iad na daoine a thabharfaidh glóir duit agus a fhónfaidh duit go hionraic.
19. Óir, ní mar gheall ar dhea-oibreacha ár n‑aithreacha agus ár ríthe atáimid a iarraidh ort trócaire a dhéanamh orainn, a Thiarna, a Dhia linn.
20. Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe:
21. “Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha.
22. Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine,
23. cuirfidh mé ina thost guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus in Iarúsailéim agus beidh an tír go léir ina fásach gan áitritheoirí.”
24. Ach níor éisteamar le do ghlór á rá linn seirbhís a dhéanamh. Mar sin de, chuir tú i gcrích na briathra a labhair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe; go dtógfaí amach as a n‑ionad adhlactha cnámha ár ríthe agus ár n‑aithreacha;
25. agus, féach, tá siad caite amach anois faoi bhrothall an lae agus faoi shioc na hoíche. Is amhlaidh a fuair siad bás le hanacraí uafásacha, le hocras, le faobhar an chlaímh agus le plá.