14. Léifidh sibh an leabhar seo atá curtha chugaibh againn i dtreo go bhféadfar admháil peacaí a dhéanamh i dteach an Tiarna ar an bhféile agus ar laethanta cuí eile.
15. Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim,
16. ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha.
17. Óir, pheacaíomar in aghaidh an Tiarna;
18. ní rabhamar umhal dó ná níor éisteamar le glór an Tiarna, ár nDia, d'fhonn go gcoimeádfaimis na haitheanta a leag sé orainn.